Agus tú ag scríobh d’aistí, tá sé tábhachtach go n-admhaíonn tú na leabhair, na hailt irisleabhair agus aon fhoinsí eile a léann tú le linn do thaighde. Déantar é sin chun a thaispeáint do do léachtóirí cad atá léite agat agus, rud ba thábhachtaí fós, chun aitheantas measúil a thabhairt d’obair agus smaointe daoine eile; is ní ionracais acadúil é sin. Mura n-admhaíonn tú d’fhoinsí, tabharfar le fios a) nach ndearna tú aon léitheoireacht chúlra ná aon taighde cúlra, agus b) gur leatsa na smaointe uile a chuir tú ar aghaidh. Más rud é go léann tú foinsí agus go mbaineann tú leas as smaointe daoine eile agus nach n-admhaíonn tú iad, is ionann é sin agus bradaíl. Déan cinnte de go ndéanann tú d’fhoinsí a lua agus a thagairt i ngach cás.
Cite Them Right
Is féidir ‘Cite Them Right’ a rochtain ar an gcampas agus as an gcampas araon tríd an táb ‘Bunachair Shonraí A-Z’ ar Library Search. Toisc go soláthraítear inti an fhaisnéis is cothroime le dáta agus is cruinne, is áis an-tábhachtach í lena bhfreastalaítear ar do riachtanais tagartha uile. Is féidir leat:
tagairt a chruthú le haghaidh raon leathan cineálacha foinse
do thagairt a chur le chéile ar an scáileán chun a chinntiú go bhfuil sí ceart
an tagairt chruthaithe a ghearradh agus a ghreamú isteach i do thasc
Geraldine McNamara
Leabharlannaí Ábhair d'Fhiontar agus Scoil na Gaeilge
Seol ríomhphost chuig: geraldine.mcnamara@dcu.ie