Skip to Main Content

Treoir leabharlainne do Ghaeilge

Cén fáth ar cheart duit d’fhoinsí a lua agus a thagairt?

Agus tú ag scríobh d’aistí, tá sé tábhachtach go n-admhaíonn tú na leabhair, na hailt irisleabhair agus aon fhoinsí eile a léann tú le linn do thaighde. Déantar é sin chun a thaispeáint do do léachtóirí cad atá léite agat agus, rud ba thábhachtaí fós, chun aitheantas measúil a thabhairt d’obair agus smaointe daoine eile; is ní ionracais acadúil é sin. Mura n-admhaíonn tú d’fhoinsí, tabharfar le fios a) nach ndearna tú aon léitheoireacht chúlra ná aon taighde cúlra, agus b) gur leatsa na smaointe uile a chuir tú ar aghaidh. Más rud é go léann tú foinsí agus go mbaineann tú leas as smaointe daoine eile agus nach n-admhaíonn tú iad, is ionann é sin agus bradaíl. Déan cinnte de go ndéanann tú d’fhoinsí a lua agus a thagairt i ngach cás.

 

Is é Cite Them Right Online an treoir stíle a molann Leabharlann DCU í le haghaidh stíl Harvard

Is féidir ‘Cite Them Right’ a rochtain ar an gcampas agus as an gcampas araon tríd an táb ‘Bunachair Shonraí A-Z’ ar leathanach baile na Leabharlainne. Toisc go soláthraítear inti an fhaisnéis is cothroime le dáta agus is cruinne, is áis an-tábhachtach í lena bhfreastalaítear ar do riachtanais tagartha uile. Is féidir leat:

  1. tagairt a chruthú le haghaidh raon leathan cineálacha foinse

  2. do thagairt a chur le chéile ar an scáileán chun a chinntiú go bhfuil sí ceart

  3. an tagairt chruthaithe a ghearradh agus a ghreamú isteach i do thasc

Léirítear san fhíseán mear seo an dóigh ar féidir alt irisleabhair a lua agus a thagairt i stíl Harvard

An bhfuil ceist agat?

Leabharlannaí Ábhair Leabharlannaí Ábhair d'Fhiontar agus Scoil na Gaeilge

Seol ríomhphost chuig:

geraldine.mcnamara@dcu.ie


Bain triail as ár ríomhfhíseán teagaisc LETScite